Nuair a tháinig sé chun an bhaile ar dtús, bhí sé difriúil ná mar a bhí nuair a tháinig sé ar saoire. Athrach mór ar an áit agus ar na daoine (bhí moll acu marbh). Ní raibh aithne aige ar mhórán. Rinne sé cairde úra ach ghlac sé trí nó ceithre bliana socrú sa bhaile arís. Shocraigh a bhean agus na páistí ar an toirt. Ní raibh Gaeilge ag a iníon is óige (8 mbliana a bhí sí) agus deacrachtaí aici socrú. Béarla is mó a bhí in úsáid acu cé gur labhair sé féin Gaeilge le daoine thall. Ní raibh trioblóid nó deacrachtaí ar bith ag an fhear ab óige – dhá bhliain go leith a bhí sé. D’fhoghlaim a bhean Gaeilge fosta ag ranganna oíche. Bhí scoláirí acu sa tsamhradh. Tá sé breá sásta lena shaol anois. | 00:04:58 | |